Skip to content
Course

Folláine - Cur Chuige a gCuireann an Tráma Bonn Eolais Faoi: An Fachtóir Struis– An Chothromaíocht a Aimsiú i gCeart

Self-paced

Enrol

Full course description

Is é An Fachtóir Struis - An Chothromaíocht a Aimsiú i gCeart an chéad cheann de shraith clár ríomhfhoghlama de chuid SNSO ina gcuirtear cur chuige i láthair a gcuireann an tráma bonn eolais faoi maidir le tacú le folláine na scoláirí agus na mball foirne i scoileanna. Tá an chéad ghearrchúrsa seo dírithe ar thionchar an struis ar an bhfolláine. D'fhéadfadh strus a bheith dearfach nó diúltach agus tá sé mar aidhm ag an oiliúint seo cúnamh a thabhairt do scoileanna chun timpeallachtaí a chruthú ina n-aimsítear an chothromaíocht i gceart do gach duine. Foghlaimeoidh foirne scoile go mbaineann éagsúlacht leis an mbealach a mothaíonn scoláirí maidir lena gcumas dul i ngleic leis na gnáthéilimh a bhaineann leis an lá scoile. Braitheann sé sin ar mhórán cúinsí, cuir i gcás cumais aonair agus meon chomh maith le cúinsí timpeallachta amhail suíomhanna baile agus pobail a bheith tacúil nó dúshlánach.

Baintear feidhm as cuir chuige a bhfuil eolas orthu cheana féin agus as cuir chuige nua atá bunaithe ar thaighde agus ar thaithí shíceolaithe SNSO chun smaointeoireacht, pleanáil agus gníomh a threorú. Má ghlactar leis na cuir chuige san oiliúint seo cruthóidh foirne scoile teacht aniar do chách agus tacóidh siad le téarnamh ina gcás siúd a bhfuil tráma nó cruachás fulaingthe acu.

Uaireanta, is féidir le cúinsí nach bhfuil aon smacht againn orthu, amhail paindéim COVID 19, cogadh, móréigeandálaí agus tubaistí dul i gcion orainn go léir. Cuideoidh na cuir chuige a chlúdaítear san oiliúint seo le bunchloch a chruthú chun rudaí nach bhfuil súil leo a bhainistiú.

Sign up for this course today.

Enrol