Skip to content
Ag Freagairt do Theagmhais Chriticiúla i Scoileanna is a Course

Ag Freagairt do Theagmhais Chriticiúla i Scoileanna

Self-paced

Enrol

Full course description

Cé go bhfuil súil againn go léir nach dtarlóidh teagmhais chriticiúla go deo, faraor ní mar sin atá an saol. Is léir ónár dtaithí le blianta fada anuas agus ó thaighde fairsing a rinneadh, gur fearr a dhéileálann na scoileanna sin atá ullmhaithe don teagmhais. Chuige sin, chuir an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO), rannóg de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, an cúrsa r-Fhoghlama seo i dtoll a chéile. Tá an cúrsa seo bunaithe ar fhoillseachán 2016 de chuid NEPS ‘Freagairt do Theagmhais Chriticiúla: Treoirlínte agus Ábhair Acmhainne’. Cuireadh an cúrsa seo i dtoll a chéile le tacaíocht a thabhairt do fhoireann scoile chun tacú le baill foirne scoileanna maidir le pleanáil agus freagairt do theagmhas criticiúil. Tá an cúrsa seo dírithe go háirithe orthu siúd ar fhoireann na scoile a bhfuil ról ceannasaí nó ról bainistíochta acu sa scoil agus \ nó iad siúd a bheadh lárnach do fhreagairt scoile do theagmhas criticiúil. Molaimid do beirt ar a laghad ón bhfoireann scoile tabhairt faoin gcúrsa.

Sign up for this course today.

Enrol